Tá poitigéirí i nDún na nGall i bhfad níos gnóthaí an geimhreadh seo ag tabhairt cógais do dhaoine a bhfuil an fliú orthu ná mar a bhí blianta eile a deir an ceimiceoir Tom Ó Muirí a bhfuil 3 shiopa poitigéara aige in oirthear Dhún na nGall.

Tá ardú mór ar líon na ndaoine atá ag lorg insteallta i gcoinne Fliú na hAstráile le roinnt seachtainí a dúirt sé, mar gheall ar an líon othar atá ag dul chun ospidéil.

Níor chóir do dhaoine a bhfuil an fliú go dona orthu a ghabháil ag obair nó chun na scoile a dúirt sé.

Measann Tom Ó Muirí go mairfidh an chuid is measa de shéasúr an fhliú go mí Feabhra agus gur chóir d'aon duine a bhfuil tinnis tromchúiseacha orthu, nó atá ag tabhairt aire d'othar, an t-instealladh a fháil láithreach, le cinntiú go bhfuil cosaint acu.

Anuas air sin tá treoir tugtha ag roinnt scoileanna i gcontae Dhún na nGall do thuismitheoirí gan a gcuid páistí a chur ag an scoil má tá comharthaí ar bith den fhliú orthu.

Tá príomhoidí ag iarraidh an fliú a sheachaint i scoileanna i ndiaidh saoire na Nollag ar chomhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Tá tuairiscí faighte go bhfuil go leor déagóirí a bhfuil comharthaí den fhliú orthu agus táthar ag iarraidh a chinntiú nach scaipfidh sé sna scoileanna.