Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar gur pléadh moltaí ón gComhchoiste Oireachtais faoin Ochtú Leasú ar an mBunreacht ag an gcruinniú Rialtais ar maidin ach dúirt sé nach ndearnadh aon chinneadh fúthu.

Dúirt an Taoiseach go n-éistfear leis an bplé ar fad agus go ndéanfar cinneadh faoin gcéad chéim eile faoi dheireadh na míosa.

Dúirt sé chomh maith go bhfuil amhras ann gur céim rómhór a bheadh ann don phobal ginmhilleadh gan srian a thabhairt isteach suas go dtí dhá sheachtain déag.