Tá Feisire Parlaiminte Shinn Féin do Thír Eoghain Thiar, Barry McElduff curtha ar fionraí ag an bpáirtí.

Sin toisc gur chuir sé físeán ar na meáin shóisialta a ghoill ar ghaolta na ndaoine a maraíodh i sléacht Mhuileann Ching i 1976.

3 mhí fionraíochta a gearradh ar McElduff.

Chuir Barry McElduff físeán dó fhéin agus builín den bhranda 'Kingsmill' ar a chloigeann ar na meáin shóisialta Dé hAoine seo caite.

Ba é sin cothrom an lae 42 bliain ó shin, ó lámhaigh agus ó mharaigh an tIRA - deichniúr Protastúnach i mbaile Mhuileann Ching i gContae Ard Mhacha.  

Ghabh Barry McElduff leithscéal ó chroí faoina ndearna sé, ag rá nach raibh aon mhailís i gceist aige.