D'éirigh James Brokenshire as a chuid dualgas mar Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann ar maidin.
Is mar gheall ar chiúinsí sláinte a d'éirigh sé as.
Tuigtear go gcaithfear obráid a chur ar cheann dhá chuid scamhóga go luath.
Shocraigh James Brokenshire éirí as sula fhógair Príomhaire na Breataine ath-eagar ar an Rialtas tráthnóna.
Bhí sé ina Státrúnaí i dTuaisceart Éireann, ó mhí Iúil na bliana 2016.
I ráiteas ón Tánaiste, Simon Coveney níos túisce dúirt sé gur le díomá a chuala sé faoi éirí as Brokenshire, ag rá gur oibrigh sé go dícheallach mar Stát Rúnaí ar mhaithe leis an bpolaitíocht agus Comhaontú Aoine an Chéasta ó thuaidh.