Caithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe gníomhú láithreach agus cúnamh a chur ar fáil do theaghlach atá fágtha gan áit chónaithe de bharr stoirm an lae inné, a deir Josie Conneely - Rúnaí Chomhairle Ceantair Fhianna Fáil i gConamara Thiar. 

Baineadh an ceann den teach soghluaiste a raibh cónaí ar bhean agus a triúr gasúr ann i mBaile Conaola sa stoirm agus tá sí ag braith anois ar dhídean ó dhaoine muinteartha, a deir sé. 

Níl spás do theaghlach eile sa teach sin, a deir an Conghaileach agus tá diomá air faoina laghad suim a cuireadh sa scéal nuair a rinne sé teagmháil leis an gComhairle Contae ar maidin. 

Tá iarrtha ag Josie Conneely freisin go ndéanfaí scrúdú innealtóireachta ar dhroichead Loch an tSalainn atá idir Baile Conaola agus an Clochán ar fhaitíos go ndearna réabadh na farraige dochar ansin trathnóna inné. 

Níorbh fhéidir dul soir ná siar idir Baile Conaola agus an Clochán ar feadh tamaill tráthnóna inné agus tuairiscítear go raibh siotaí gaoithe a raibh luas 139km sa uair fúthu i gCeann Mhása.  

Ceaptar gur tháinig croílár na stoirme isteach thrí Chuan Mhanainn i mBaile Conaola go gairid théis an 5 trathnóna inné agus bhí siotaí móra léi ar feadh tuairim's leath uair an chloig agus oibriú fíochmhar i bhfarraige.