Tháinig méadú de 4% anuraidh ar líon na ndaoine as Dún na nGall a bhí fostaithe i gcliaint chomhlachtaí de chuid Fiontar Éireann.

Bhí 3,552 duine sa chontae fostaithe i gcliant chomhlachtaí de chuid Fiontar Éireann anuraidh. Chruthaigh an eagraíocht fostaíochta 19,000 post úr sa tír anuraidh agus ba taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a bhí 64% dena postanna úra sin.

Tá brú mór ar leapacha in otharlanna an iar thuaiscirt inniu. Tá 26 othar ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn agus in Otharlann Shligigh inniu. Inné, bhí 35 othar ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn.