Bhí go leor páirteanna de leathinis Inis Eoghain faoi uisce aréir de bharr Stoirm Eleanor, go háirithe na ceantair cois cósta.

Bhí aonaid den bhriogáid dóiteáin ar dualgas mall aréir i bpáirteanna áirithe de Inis Eoghain, áit a raibh bóithre faoi uisce agus áit a raibh tithe i mbaol i mBun na hAbhann.

Tuairiscíodh go raibh go leor bóithre faoi uisce i mBun Crannacha, Gleann Fhaolidh, Baile Úr Uí Chuinneagáin, Ceann an Droichid, An Mhagh, Bun an Phobail, Cluain Máine agus Rinn Uí Choigligh.

Bhí tuile aréir in eastát tithíochta Glenwood i Leitir Ceanainn, agus bhí roinnt tithe i mbaol ansin dá bharr.

Bhí 1,300 teach gan cumhacht aibhléise ar feadh tamaill i mBun Crannacha aréir. Ar maidin inniu tá 46 teach ansin gan leictreachas agus tá 36 teach gan leictreachas ar maidin i gCill Chartha.