Stoirm Eleanor

  • Tuilte na Gaillimhe

Tá an tAire Stáit in Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin Boxer Moran i nGaillimh ar maidin leis an damáiste atá déanta sa gcathair tar éis na stoirme Eileanór aréir, a scrúdú.

Bhí drochthuillte i gcathair na Gaillimhe tráthnóna inné agus bhí sé ina imní go mbeidís arís ann leis an lánmhara ag 5am, rud nár tharla.

Tá sé deimhnithe ag an Aire Graithí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaigh Regina Doherty go mbeidh cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil damáiste déanta dá maoin ag stoirm Eileanór.

Cuirfear cúnamh airgid ar fáil freisin do ghnólachtaí beaga agus d'eagraíochta pobail atá buailte ag na tuillte tríd an gciste fóirithinte tuillte. 

  • Conamara

B'éigean Droichead na dTráchta agus Droichead Charraig an Logáin a dhúnadh ar feadh scaitheamh tráthnóna inné de bharr an taoille a bheith ag tíocht aníos ar an mbóthar ann.  

Osclaíodh aríst iad níos deireanaí agus glanadh na bóithre ach moltar do thiománaithe a bheith an-chúramach aríst inniu ar fhaitíos go mbeadh clocha agus feamainn caite aníos ar an mbóthar aríst ag an taoille.

Tuairiscítear go  bhfuil damáiste mór déanta de na sconsaí ar na droichid.

Tuairiscítear go raibh siotaí gaoithe a raibh luas 139km sa uair faoi i gCeann Mhása.  

Níorbh fhéidir dul soir ná siar idir Baile Conaola agus an Clochán ar feadh tamaill tráthnóna inné agus rinneadh dochar mór do theach soghluaiste i gceantar Bhaile Conaola a bhfuil cónaí ann, nuair a d'fhuadaigh an díon air.

  • Maigh Eo

Is é Contae Mhaigh Eo is measa atá buailte ó thaobh cúrsaí leictreachais de agus 10,000 teach fágtha gan chumhacht ó aréir de bharr na stoirme Eileanór. 

Tá fógra gaoithe stádas flannbhuí eisithe ag Oifig na hAimsire arís inniu do chontaetha in iarthar na hÉireann, Co na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ina measc.

Tá feidhm leis an bhfógra aimsire flannbhuí go dtí an 2 a chlog inniu.