Tá foláireamh aimsire oráiste faoi réir ag Met Éireann tráthnóna do chúigí Laighean, Uladh agus contaethe na Gaillimhe agus Maigh Eo de bharr na stoirme Eleanor atá ag scuabadh soir-ó-thuaidh trasna na tíre. 

Céibh Bhaile Ghearóid i gContae Chorcaí tráthnóna


Tá an stoirm ag séideadh gálaí gaoithe go tréan - le neart 140 ciliméadar san uair faoi láthair ar chóstaí an iarthair agus an iarthuaiscirt. 

An Port Thuaidh, Baile Átha Cliath


Tá go leor baistí caite aici go dtí seo - ag cur le lán-mhara ar an gcósta thiar agus ag cur sráideanna i lár chathair na Gaillimhe faoi thuileadh. 

Radharc ón bPóirse Caoch, Gaillimh tráthnóna


Ta níos mó ná 50,000 custaiméir de chuid an Bhoird Soláthar Leictreachais gan aon chumhacht aibhléise i Maigh Eo, Liatroim, Gaillimh agus Dún na nGall . 

Deir Met Éireann go leanfaidh an stoirm go dtí 21.00 anocht.