Tá brú ag meadú ar Rialtas na hÉireann ó pháirtithe náisiúnacha an Tuaiscirt chun oifig pas a oscailt sa Tuaisceart i bhfianaise an éileamh atá ar iarratais ar phasanna Éireannacha ó mhuintir an Tuaiscirt. Deirtear gur Brexit is cúis leis an bhorradh. 

Ag an am chéanna tá Sinn Féin agus an DUP ag cur an locht ar a chéile as an tsáinn pholaitiúil ag Stormont agus tuairimíocht ann go ndéanfaidh an dá rialtas idirghabháil sa phróiséas an tseachtain seo chugainn. 

Tá an t-éileamh ar iarratais ar phas Éireannach as Sasain agus na sé chontae ardaithe go suntasach agus an phríomhchúis meastar nó Brexit. 82,000 iarratas as na sé chontae a fuair an oifig pas i mBaile Átha Cliath anuraidh.

Sin 20% níos mó nó an bhliain roimhe agus ardú dhá thrian le 3 bliana. Mhol fiú leithidí Ian Óg Paisley ar aontachtóírí pas Éireannach a fháil ar mhaithe le háisiúlacht.

Tá iarrtha go hoifigiúil ag an SDLP agus Sinn Féin ar Rialtas Bhaile Cliath oifigí PAS Éireannach a oscailt sa Tuaisceart. D’fhiach an Taoiseach imní na n-aontachtach anseo a mhaolú ag séanadh go bhfuil an Rialtas ag úsáid Brexit mar shlí le Éire Aontaithe a chruthú.

Agus caidreamh idir Baile Cliath agus an DUP ag iarraidh níos measa le míonna beaga, dúirt Arlene Foster muna ndéanfar socrú taobh istigh de chúpla seachtain go mbeidh sí ag iarraidh ar an Pháirtí Caomhach riail dhíreach a thabhairt isteach, páirtí dar ndoigh atá ag brath ar an DUP chun fanacht i gcumhacht.

Dúirt an Taoiseach roimhe seo go mbeadh ról ag Rialtas na hÉireann i dtochaí na sé gcontae muna n-éiríonn le Sinn Féin agus an DUP socrú a dhénamah – rud a thacaíonn náisiúnaithe anseo leis. 

Tuigtear go ndéanfaidh Rialtais Londain agus Bhaile Átha Cliath idirghabháil sa phróiséas seo an tseachtain seo chugainn - próiseas atá i sáinn le chor a bheith bliain. Tuigtear nach bhfuil sé beartaithe na cainteanna a chuir ar bun ag Stormont an uair seo agus go mbeidh sé ag tarlú taobh amuigh de Bhéal Feirste.