Tá 656 othar ar thralaithe in ospidéil ar fud na tíre inniu ag fanacht le fáil ar an gcóras sláinte. Seo an líon is mó othar ó bhí 612 othar sa riocht céanna i mí Eanáir 2017. 

S'iad na hospidéil is measa buailte ná:

  • Ospidéal Naomh Lúcas, Cill Chainnigh:    57
  • Ospidéal na hOllscoile, Luimneach:          55
  • Ospidéal Thiobraid Árann, Theas:             45
  • Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh:             38
  • Ospidéal Leitir Ceanainn:                          35

Tagann na figiúirí seo sna sála ar fhógra bhliantúil Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann (INMO) a léiríonn go raibh 98,981 othar ag fanacht ar chóir leighis ar thralaithe an bhliain seo caite - ardú 6% ar 2016. 

Bhí an líon is airde luaite le hOspidéal na hOllscoile, Luimneach le 8,869 othar ag fanacht anuraidh. 

Dúirt Phil Ní Shéaghdha, Ard-Rúnaí nua-cheaptha an INMO gur léir os na figiúirí ná tiocfadh aon fheabhas ar an ngéarchéim seo i mbliana muna gcuireann an Fheidhmeannacht Seirbhíse Sláine (HSE) plean raidiceach agus nualaíoch i bhfeidhm láithreach.