Tugadh beirt os comhair na cúirte agus iad cúisithe maidir le eachtra robála níos luaithe an tseachtain seo i dTír an Iúir i mBaile Átha Cliath.

Breis is €16,000 a tógadh ó fhear sna 60aidí.

Fear agus bean a bhí os comhair cúirte.

Cúisíodh Carlos Lawrence (26) as Bóthar na Corónach Muire, Baile Átha Cliath a 8 agus Catherine Dempsey (25) as Michael Malin House, Baile Átha Cliath a 8 i dtrom-bhuirgléireacht.

Cuireadh Carlos Lawrence siar fé choinneáil.

Tá Catherine Dempsey chun iarratas a dhéanamh ar an gcúirt trathnóna - go scaoilfí amach ar bannaí í.