Tá píolótaí Ryanair in Éirinn fós ag bagairt stailce ainneoin an aerlíne a bheith sásta aitheantas a thabhairt do cheardchumainn phíolótaí.

Sin toisc cinneadh na bainistíochta gan bualadh le ceardchumainn go lá an aighnis atá beartaithe,Dé Céadaoin.

Don chéad uair ó bunaíodh é 32 bliain ó shin d'fhógair  Ryanair go mbeadh sé sásta an t-aitheantas a thabhairt do na ceardchumainn.

Sin chun iarracht an chéad stailc san aerlíne a sheachaint.

Ach níl píolótaí in Éirinn sásta gur Dé Céadaoin seo chugainn atá Ryanair sásta bualadh leis na ceardchumainn agus ní roimhe seo.

Tá píolótaí le Ryanair sa Phortaingéil ar aon intinn leo agus bagairt stailce dá réir uathusan.

I ráiteas dúirt Ryanair gur sheol sé litreacha chuig ceardchumainn anseo agus i dtíortha Eorpacha eile féachaint le haon bhagairt d'eitiltí le linn sheachtain na Nollag a sheachaint.