Dúirt Mairéad Farrell, iarrthóir Shinn Féin do thoghcheantar Ghaillimh Thiar/Mhaigh Eo Theas go bhfuil duine nó beirt tar éis an páirtí a fhágáil ó d'fhág an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin, ach nach mórán é seo.  

'Is ar son an pháirtí atá daoine ann agus ní ar son aon phearsa amháin', a dúirt Mairéad Farrell, atá ina comhairleoir cathrach leis an bpáirtí i nGaillimh.

D'fhreastail beagnach dhá scór comhalta den pháirtí ar an gcruinniú míosúil den chomhairle ceantair a bhí ar an Teach Dóite i gCo.na Gaillimhe aréir.

Pléadh na socruithe olltoghcháin atá á ndéanamh ag an bpáirtí.

Dúirt Mairéad Farrell go bhfuil sí dóchasach go bhfaighidh an páirtí suíochán sa dáilcheantar.

'Tuigeann an páirtí go bhfuil obair le déanamh ach tá muid sásta bualadh faoi lena chinntiú go n-éireoidh go maith linn sa gcéad olltoghchán eile', a deir sí.

Bhí Mairéad Farrell ag caint ar an gclár 'Adhmhaidin' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.