Tá Stádas Oráiste curtha i bhfeidhm ag Oifig na hAimsire maidir le seacht gcontae sa tír.

Bhí an rabhadh i bhfeidhm ó 16:00 inniu agus beidh sé i bhfeidhm go dtí 18:00 tráthnóna amárach.

Is iad seo a leanas na contaetha atá i gceist: An Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Longfort, Liatrom, Maigh Eo agus Sligeach.

Tá súil le idir ceithre cheintiméadar agus ocht gceiniméadar sneachta. Seans go mbeidh níos mó ná sin in áiteanna ar thalamh ard.

Titfidh an teocht faoi bhun an reophointe anocht ar fud na tíre.

Tá fainic á cur ar thiománaithe a bheith an-chúramach ar na bóithre de bharr oighir.

Tá Stádas Buí i bhfeidhm sa chuid eile den tír.