Tá uchtach tugtha ag Hamas go mhuintir na Pailistíne droim láimhe a thabhairt leis na hiarrachtaí síochánta atá á ndéanamh acu agus dul i mbun éirí amach nua i gcoinne Iosrael, mar fhreagra ar fhógra Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, go bhfuil na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta go hIarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael.

Tá grúpaí éagsúla sa bPailistín ag iarraidh go rachaidh muintir na Pailistíne i mbun "Lá Feirge" amárach. Inniu, bhí go leor círéibeacha agus agóidí ar an mBruach Thiar agus bhí caismirtí idir Pailistínigh agus trúpaí de chuid Iosrael.

Gortaíodh 31 duine ar a laghad de bharr trúpaí Iosrael a bheith ag scaoileadh leo. Idir urchair bheo agus urchair rubair a úsáideadh.

Tá ceannaire Hamas, Ismail Haniya, théis iarraidh ar mhuintir na Pailistíne dul i mbun éirí amach, nó intifada.

"Ní féidir troid i gcoinne an pholasaí Shíónaigh seo gan intifada nua", a dúirt ceannaire ghluaiseacht in Gaza.

Agus ag treisiú ar an imní go bhfuil an tsíocháin i mbaol, tá Príomhaire na Pailistíne, Rami Al-Hamdallah, théis dul go Gaza inniu le bualadh le Hamas.

Sna cathracha in Gaza, tá na mílte Pailistíneach i mbun agóidí. Tá na gártha le cloisteáil "Bás go Mheiriceá"; "Bás go Trump, an t-amadán".