Tá fainic curtha ag oifigigh shinsearach de chuid an PSNI ar Rialtas na Breataine go bhfuil baol ann go ndéanfaidh easaontóirí poblachtánacha ionsaithe ar an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann sa gcás go mbeidh teorainn chrua idir an dá dhlínse.

Agus é ag tabhairt fianaise os comhair Choiste Breatimeachta Theach na dTeachtaí i gContae Ard Mhaca inniu, dúirt Leas-Phríomhchonstábla an PSNI, Drew Harris, go dtabharfadh infreastruchtúr úr ar an teorainn uchtach go ghrúpaí sceimhlitheoireachta baill nua a earcú le dul i mbun ionsaithe ansin.

"Deis earcaíochta a bheadh ann, dar leosan", a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil bagairt mhór ann go fóill ó easaontóirí poblachtánacha; go ndearnadh ceithre hiarracht le bliain anuas oifigigh de chuid an PSNI a mharú. Agus go raibh 58 eachtra lámhaigh ann agus 32 eachtra buamála.

Dúirt sé gur cúis aiféala é go bhfuiltear ag caint ar an teorainn arís, amhlaidh is go bhfuilimid théis dul siar go dtí na hochtóidí arís.