Tá a achomharc caillte ag fear, 46 bliain d’aois, i gcoinne an phíonóis a gearradh air as mac a pháirtnéara a mharú.

Gearradh seacht mbliana príosúin ar David Mahon as dúnorgain mhac a pháirtnéara i mí na Bealtaine 2013. Bhí Dean Fitzpatrick 23 bliain d’aois nuair a maraíodh é.

Sádh é sa bholg taobh amuigh d’árasán a mháthar, Audrey, ar Chearnóg Burnell, Cros an Tuaiscirt, Mullach Íde. Bhí a mháthair ina cónaí san árasán sin in éindí le David Mahon. Tá siad théis pósadh ó shin. 

Tugadh fianaise sa gcúirt go raibh an bheirt fhear théis a bheith ag argóint lena chéile maidir le cuid de rothar, a bhí ar iarraidh.

Dúirt na hionchúiseoirí go raibh David Mahon ar meisce agus go raibh sé i gceist aige a leasmhac a mharú.

Dúirt Mahon gur timpiste a bhí sa mharú.

Fuarthas é neamhchiontach i ndúnmharú, ach ciontach i ndúnorgain.

Ní raibh achomharc á dhéanamh aige i gcoinne an chiontaithe, ach i gcoinne an phíonóis.

Bhí marú Dean Fitzpatrick ar an tarna tragóid a tharla sa teaghlach céanna. Chuaigh deirfiúr le Dean, Amy Fitzpatrick, ar iarraidh sa Spáinn i mí Eanáir 2008. Tá sí imithe gan tasc ná tuairisc ó shin i leith.