Tá sé ráite ag an gCoimisiún Eorpach nach bhfuil "aon deatach bhán" go fóill maidir le margadh ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach. Ach, a dúirt Margaritis Schinas, urlabhraí ar son an Choimisiúin Eorpaigh, tá siad sásta bualadh le Príomhaire na Breataine, Theresa May, aon uair an tseachtain seo i gcomhair tuilleadh cainteanna.

Dúirt urlabhraí ar son Theresa May go bhfuil an Bhreatain ar tí comhaontú a bhaint amach leis an Aontas Eorpach, ach go bhfuil níos oibre de dhíth go fóill maidir leis an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann.

Tá sé ráite ag an Aontas Eorpach nach bhfuil aon síneadh ama, mar a tuairiscíodh, tugtha don Bhreatain chun margadh a aontú. Deir siad go gcaithfidh an Bhreatain tairiscint a dhéanamh faoi dheireadh na seachtaine, suas go dtí oíche dé Domhnaigh.

Tá sé ráite ag Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Boris Johnson, go bhfuil sé ríthábhachtach go luífidh an Bhreatain agus an tAontas Eorpach isteach ar an tarna céim den idirbheartaíocht. Dúirt sé nach bhfuil sé i gceist aige "tráchtaireacht leanúnach" a dhéanamh ar na cainteanna leis an DUP agus Rialtas na hÉireann.

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfaidh sé a chuid machnaimh "go leathanaigeanta" ar aon mholtaí maidir le hathruithe ar na mórcheisteanna a pléadh ag tús na seachtaine.

Ach dúirt an Tánaiste Simon Coveney agus é ag caint sa Dáil inniu nach mbeidh an rialtas sásta athruithe a dhéanamh ar na ceisteanna móra a dtángthas ar réiteach orthu ag tús na seachtaine.