Tá aon bhliain déag go leith príosúin gearrtha ar easaontóir poblachtánach sa gCúirt Choiriúil Speisialta as gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a stiúradh. Ní bhíonn aon ghiúire sa gCúirt Choiriúil Speisialta.

Fuarthas Séamus McGrane – atá 63 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige i nDroim Ineasclainn i gContae Lú – ciontach i mí Dheireadh Fómhair i ngnníomhaíochtaí eagras sceimhlitheoireachta a stiúradh idir 19 Aibreán 2015 agus 13 Bealtaine 2015.

Le linn an ama sin, bhí sé freagrach as comhcheilg chun an Prionsa Charles a bhuamáil le linn dó a bheith ar cuairt stáit in Éirinn.

Ciontaíodh é i mballraíocht san IRA roimhe seo chomh maith.

Agus í ag gearradh príosúin air, dúirt an Breitheamh Isobel Kennedy gur chuir an ciontú sin san am atá thart leis an bpíonós inniu.