Cuirfear an t-aon Chros Victoria a bronnadh ariamh ar fhear ó Dhún na nGall ar taispeáint go poiblí den chéad uair iarnóin inniu.

Beidh sé le feiceáil i Músaem Chontae Dhún na nGall.

Bronnadh an bonn ar an Saighdiúr Singil James Duffy – ar iompróir sínteán é – as a "chrógacht shuaithinseach", théis dó teacht i dtarrtháil ar bheirt chomrádaithe dá chuid sa bPailistín i mí na Nollag 2017.

Rí George V a bhronn an bonn air i mí Iúil 1918 ag Pálás Buckingham.

Bronnadh an bonn ansin ar an músaem míleata i bhFear Mánach, áit a bhfuil sé ó shin i leith.

Tabharfar an Chros Victoria faoi thionlacan míleata agus garda go dtí Músaem Chontae Dhún na nGall inniu, áit go mbeidh sé ar taispeáint iarnóin inniu.