Tá sé fógartha ag dá chomhlacht – Antares Vision & Keeper Security – go bhfuil siad le postanna nua a chruthú i nGaillimh agus i gCorcaigh as seo go ceann roinnt blianta.

Tá Antares Vision – gur comhlacht Iodálach é – chun ionad forbartha bogearraí a bhunú i nGaillimh. Cruthófar 53 post ansin as seo go ceann cúig bliana. Tá an comhlacht sin i mbun fís-ríomhaireachta agus intleacht shaorga.

Fobraíonn siad córais fhís-ríomhaireachta faoina nglacann ceamaraí agus braiteoirí iomhánna ar ard-luas le lochtanna a aimsiú ar tháirgí san earnáil chógasaíochta.

Beidh an t-ionad nua i nGaillimh ag díriú ar uirlisí bogearraí a fhorbairt. Tá siad ag fáil tacaíochta ón Údarás Forbartha Tionscal.

Idir an dá linn, tá Keeper Security, théis a fhógairt inniu go bhfuil siad lena chéad oifig Eorpach a oscailt i gCorcaigh.

Déanann Keeper Security bainistiú ar phasfhocail agus is taisce slán digiteach é.

Fóstófar caoga duine ansin as seo go ceann dhá bhliain. Beidh na fostaithe nua gafa le tacaíocht theicniúil, díolachán agus bainistíocht.