Tá triúr gafa maidir le heachtra i mBaile Átha Cliath inar lámhachadh Garda agus fear eile. Tuigtear nach bhfuil ceachtar den bheirt a gortaíodh i mbaol báis.

Bhí gardaí faoi arm ón Aonad Práinnfhreagartha ag tacú le gardaí áitiúla le linn cuardaigh ar theach i mBaile Munna. Drugaí a bhí a gcuardach acu sa teach ar Chéide an Bhearnbhálaigh.

Lámhachadh garda ón Aonad Práinnfhreagartha sa lámh agus é ag iarraidh doras treisithe sa teach a oscailt le fórsa.

Thosaigh na gardaí agus na daoine sa teach ag scaoileadh lena chéile théis do na gardaí dul isteach ann agus gortaíodh fear eile ansin. Tuigtear gur déagóir a bhí ann. 

Cuireadh cóir leighis orthu ar an láthair agus tugadh iad go dtí an t-ospidéal.

Tá Ombudsman an Gharda Síochána curtha ar an eolas faoin eachtra.

Tá an láthair caomhnaithe inniu le haghaidh scrúdaithe teicniúla.