Deir Ryanair go ndéanfaidh an comhlacht ciorruithe ar phá agus ar choinníollacha na bpíolótaí ag a mbunáit i mBaile Átha Cliath, má vótálann siad i bhfabhar dul i mbun ghníomhaíocht thionsclaíoch.

Tagann sé seo i bhfianaise fógra ó cheardchumann san Iodáil go rachaidh píolótaí Ryanair sa tír ar stailc den chéad uair riamh an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an ceardchumann san Iodáil go dtarlóidh an stailc ar 15 Nollaig agus go mairfidh sé cúig huaire an chloig.  

Seo ceardchumann amháin as roinnt ceardchumann ar fud na hEorpa atá ag éileamh coinníollacha oibre níos fearr do phíolótaí i Ryanair.