D’fhógair foras teanga agus litríochta sna Stáit Aontaithe go bhfuil gradam idirnáisiúnta le bronnadh ar Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson as an leagan Béarla a rinne siad de Chré na Cille le Máirtín Ó Cadhain. 

Bronnfaidh The Modern Language Association of America Gradam Lois Roth don aistriúchán ar shaothar liteartha ar an mbeirt scríbhneoirí as Graveyard Clay a d’fhoilsigh Yale University Press / Cló Iar-Chonnacht anuraidh.

Dúirt na moltóirí gur chuir na haistritheoirí Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson a gcuid scileanna suntasacha teangeolaíochta le chéile chun gnáthchaint bheoga Bhéarla a chur ar Chré na Cille Mháirtín Uí Chadhain.