Bhí comhrá ar an teileafón tráthnóna ag an Taoiseach Leo Varadkar le Príomh-Aire na Breataine Theresa May.  

Thug an Taoiseach le fios go ndúirt sé le Thersea May go raibh Rialtas na hÉireann ag seasamh le foclaíocht an chomhaontaithe a rinneadh ag cainteanna sa Bhruiséil arú inné maidir le ceist na teorann in Éirinn. .

Níos túisce sa Dáil, dúirt an Taoiseach go bhfuil an Rialtas ag iarraidh bogadh ar aghaidh go dtí an dara cuid de na cainteanna faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Dúirt sé mura mbeifí ábalta teacht ar chomhréiteach faoi cheist na teorann in Éirinn ag an gcruinniú mullaigh a bheas ar bun sa Bhruiséil an tseachtain seo chugainn go leanfaí leis na cainteanna sa bhliain nua.