D'éirigh an fostaí is faide atá ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta as a cuid dualgas inniu. Bhí Maria Ní Bhaoill as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall ag obair sa tseirbhís ó bunaíodh é 45 bliain ó shin.

Thosaigh Maria Ní Bhaoill ag obair do RnaG - mar a thugtar air go minic - i 1972. Chaith sí ceithre bliana i gceannáras an stáisiúin i gCasla i gConamara agus tá os cionn 40 bliain caite aici ar an bhfoireann rúnaíochta agus cúnta i nDoirí Beaga. 

Bhí aon cheannaire dhéag ar an tseiribhís le linn a shaol oibre idir 1972 agus 2017.

Díreach i ndiaidh di a cuid meánscolaíochta a chríochnú, nuair a bhí sí seacht mbliana déag d'aois, a fuair Maria Ní Bhaoill post samhraidh mar rúnaí le foireann an stáisiúin i gCasla.

Phill sí ar Ghaoth Dobhair i 1976, mar a raibh stáisiún ag an tseirbhís i Srath na Corcrach.

Is í a bhí i gceannas ar chartlann Dhoirí Beaga agus is saineolaí ar ábhar na cartlainne sin í.

Ar an gclár Barrscéalta ar RnaG ar maidin, tugadh aitheantas do Maria as an achar fada atá caite aici sa tseirbhís.

Dúirt bainisteoir réigiúin RnaG i nDoirí Beaga Edel Ní Chuireáin go bhfuil taithí agus saineolas luachmhar ar imeachtaí móra i stair na Gaeltachta ag Maria. 

Ghabh Maria buíochas lena comhghleacaithe agus dúirt sí go raibh a croí istigh sa raidió ón gcéad lá a thosaigh sí ag obair ann.