Tá bás mná a bhfuarthas a corp i gcathair Chorcaí ar maidin á fhiosrú ag na Gardaí. 

Ceaptar gur duine gan dídean a bhí inti agus go raibh sí ag codladh amuigh. 

Thángthas ar a corp ar an tsráid gar d'ionad dídine Chlann Shíomóin ar Ché Andarsan i lár na cathrach ag thart ar 11 a chlog. 

Tuigtear go raibh sí ag baint leas as seirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean le tamall fada.

Is í an t-ochtú duine gan dídean a cailleadh le trí mhí anuas.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá 282 duine fásta ag cur fúthu i lóistín éigeandála i gCorcaigh.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp na mná in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh tráthnóna.