Dúirt an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohue go gcaithfear an fhoclaíocht a aontaíodh sa Bhruiséil arú inne maidir le ceist na teorann in Éirinn a fhágáil mar atá.

Cuireadh cosc ar an dul chun cinn sna cainteanna sa Bhruiséil maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach nuair a léirigh an DUP a míshástacht faoin bhfoclaíocht. 

Cuirfear ceisteanna ar Phríomh-Aire na Breataine Theresa May i bParlaimint Westminster inniu faoin idirbheartaíocht atá ar bun. Tá Theresa May ag brath ar thacaíocht an DUP i Westminster. 

Tá sé tugtha le fios ag ceannaire an DUP Arlene Foster do Theresa May nach dtacódh a páirtí le reachtaíocht faoi imeacht na Breataine as an Aontas mura leasófaí an fhoclaíocht a cuireadh i dtoll a chéile sa Bhruiséil.