Ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar ball, dúirt Bainisteoir Pleanála Teanga Údaras na Gaeltachta Siubhán Nic Grianna go gcaithfear feidhmiú de réir an bhuiséid atá ar fáil do phleananna teanga.    

Tá grúpaí pleanála teanga ag éileamh breis maoinithe chun a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm.

Dúirt an tÚdarás ina dhiaidh sin féin go bhfuil súil acu go gcuirfear leis an mbuiséad pleanála teanga i gcaitheamh shaolré seacht mbliana na bpleananna.