Sa Dáil tráthnóna, d'iarr an Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, eolas féachaint an raibh cruinnithe ag Aire na Gaeltachta Joe McHugh leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Eoghan Murphy maidir leis an gCreatpholasaí Náisiúnta Pleanála.  

Is plean é seo le forbairt áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a chur chun cinn as seo go 2040.

Tá dréachtphlean foilsithe ag an Rialtas ach deir an Teachta Ó Cuív nach bhfuil ach cúpla líne ann faoi cheantair Ghaeltachta agus gur le cosaint na Gaeilge a bhaineann siad.