Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, tugadh le fios go ngearrfar pionós an mhí seo chugainn ar Shéamus McGrane as Droim Ineasclainn i gCo Lú, ar dúradh faoi gurb é ceannaire na heagraíochta paraimíleata a thugann 'Óglaigh na hÉireann' orthu féin é. 

Ciontaíodh Séamus McGrane coicís ó shin i ngníomhaíochtaí eagraíochta sceimhlitheoireachta a stiúradh agus in ionsaí buamála a bheartú nuair a bhí an Prionsa Charles ar cuairt ar Éirinn sa bhliain 2015.

Dúradh ag a thriail gur thaifid na Gardaí é faoi rún i dteach ósta i mBaile Átha Cliath agus ábhar pléascach chomh maith le sprioc mhíleata á bplé aige le fear eile.