Tá an Banc Ceannais ag iarraidh go mbeadh ar fheidhmeannaigh agus ar dhaoine atá ar bhoird stiúrtha na mbanc sa tír seo freagracht a ghlacadh as an iomarca táillí a baineadh le roinnt blianta de scór míle custaiméir ar a laghad a raibh morgáistí acu.

D'fhéadfadh sé go ngearrfadh an Rialtas pionós ar na bainc mura gcuirfidh siad dlús leis an gcúiteamh atá le fáil ag na custaiméirí a ndearnadh an éagóir orthu.