Thug an tAire Sláinte Simon Harris le fios ar maidin gur cheart go mbeadh an t-athbhreithniú faoi líon na leapacha a bheas ag teastáil sna hospidéil agus i dtithe altranais ar fáil roimh dheireadh na bliana.

Dúirt an tAire Harris nach é amháin go mbeidh eolas ar fáil faoin méid leapacha a theastós ar na saolta seo ach go mbeidh barúil ann freisin faoin méid a theastós sna tríocha bliain seo amach romhainn.