Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag Gardaí i dTamhlacht i gCo.Bhaile Átha Cliath faoi bhás fir ansin ag tús na míosa seo.

Tá fear 20 bliain d'aois gafa.

Fear 20 bliain d'aois a maraíodh freisin.

B'amhlaidh a bhásaigh sé in Ospidéal Beaumont tar éis theacht air ar Sheanbhóthar Bhaile Coimín, i dTamhlacht - an chéad lá den mhí seo ag a 3 a chlog ar maidin.

Bhí drochghortú faighte sa cheann aige.