Tá baill de Shinn Féin tar éis a mhíshastacht a chur in iúl faoin gcáineadh atá déanta ag an Teachta Dála Peadar Tóibín, ar an gcomhchoiste faoin 8ú leasú ar an mbunreacht.

Dúirt an teachta Tóibín i rith an deireadh seachtaine go bhfuil an coiste claonta mar nach bhfuil ach dornán finnéithe tar éis fianaise a thabhairt ar mhaithe leis an bhfeachtas ar son na beatha.

Bhí Peadar Tóibín ag labhairt ar an gclár teilifíse de chuid RTÉ 'The Week in Politics'.

Tá sé i gceist ag an gComhchoiste Dála, atá ag déanamh iniúchadh ar an 8ú leasú ar an mbunreacht tuarascáil a chur ar fáil roimh na Nollag.

Cé nach bhfuil a fhios cé na moltaí a bheidh á ndéanamh acu, tá siad tar éis vótáil cheana féin i bhfábhar an 8ú leasú a aisghairm. 

Ach tá an comhchoiste sin cáinte anois ag an Teachta Dála, Peadar Toibín.

Pléifear ginmhilleadh ag Ard Fheis Shinn Féin ag an deireadh seachtaine seo chugainn.

Caithfidh ionadaithe cloí le pé cinneadh a nglacfar leis ag an teacht le chéile sin.