Léiríonn figiúirí ón mBanc Ceannais go bhfuil rátaí mórgáiste i bhfad níos costasaí anseo ná mar atá siad i dtíortha eile i limistéár an euro.

Sin i ndiaidh fhógra bhanc 'Ulster Bank' go bhfuil sé le rátaí mórgáiste seasta a chiorrú.

D'fhógair an banc an méid sin i rith an deireadh seachtaine.

'Ulster Bank' ag ciorrú a ráta athraitheach

Fágann sin é ar an cúigiú iasachtóir sa tír le mí lena leithéid de chiorruithe a fhógairt.

Tháinig sé chun cinn le gairid go n-íocann an pobal anseo dhá oiread an ráta úis ar mhórgáistí ráta athraitheach sa tír seo i gcomparáid le tíortha eile i limistéar an euro.

3.4% beagnach anseo i gcomparáid le 1.8% san Eoraip. 

Dúirt Frank Conway ón Irish Financial Review inniu gur fadhb chasta í seo agus nach féidir a rá gur ceist í seo amháin do na bainc ag iarraidh a bheith brábúsach.

Dúirt an t-eacnamaí an tOllamh Brian Ó Ceallaigh le Nuacht inniu go mbaineann go leor den fhadhb seo leis an ráta ard loicthe atá againn sa tír seo.

'Tá an ráta daoine sa tír seo nach bhfuil ag íoc an mhéid mhíosúil ba chóir dóibh a bheith ag íoc an-ard i gcomparáid le tíortha eile', a dúirt sé.

 'Ach d'fhéadfá a rá fós go bhfuil an ráta athraitheach caosach ard sa tír seo. Ach is dócha go bhfuil na bainc ag iarraidh na caillteanais a d'fhulaing siad i rith na géarchéime a ghnóthú ar ais' a dúirt sé.