Bhí breithlá an chéid inniu ag an gcónaitheoir is sine in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gCo.na Gaillimhe.

Bhailigh daoine muinteartha agus cairde le Margaret Fallon isteach san áras inniu leis an lá mór a cheiliúradh.

Chaith Margaret Fallon (Burke roimh phósadh di) 17 bliain mar altra ceantair i gceantar na n-oileán i gConamara idir 1968-85.

Ó Dhún Mánmhaí in iarthar Cho.Chorcaí ó dhúchas thug Margeret Sasana uirthi féin i 1937.

Thraenáil sí mar altra i gceantar Blackburn agus Manchester le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Grianghraf de Margaret Fallon agus í ina haltra i Sasana

Ba le linn di a bheith ag obair i Reading a chas John Fallon ón Longfort léi agus phós siad i 1950.

Shocraigh siad i Harrow i Londain, áit ar rugadh a gceathrar clainne, triúr mac agus iníon.

I 1968 a tháinig siad go Conamara agus shocraigh siad i mBéal an Daingin, Conamara.

Cairde agus daoine muinteartha le Margaret ina timpeall inniu

Ní raibh Margaret díomhaoin ach oiread nuair a d'éirigh sí as a cúramaí mar altra i 1985.

Thraenáil sí mar choslia agus cháiligh sí sa ghairm i Maidenhead i Sasana.

Bhí sí sa ghairm sin gur bhain sí na hochtóidí amach.

Tá Margaret ag cur fúithi in Áras Mhic Dara le 5 bliana agus 8 mí anois.