Tá toscaireacht ó Cho. Dhún na nGall ag tabhairt aghaidh inniu ar Boston sna Stáit Aontaithe.

Beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ina measc.

I measc na gcomhlachtaí Gaeltachta ata ar an turas, tá Randox ar an Chlochán Liath, Meastóirí Domhanda ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus Algaran Teo i nGleann Cholm Cille.

Tabharfar deis do na comhlachtaí casadh le gnóthaí eile, chun margaí agus nascanna a chothú.

Seachtain a chaithfidh an toscaireacht thall i Meiriceá.