Sa Phríomh Chúirt Choiriúil gearradh téarma príosúnachta breis is 10 mbliana ar fhear a d'éignigh a iníon agus a bhagair go maródh sé a máthair dá sceithfeadh sí air.

Tharla an t-éigniú agus 6 ionsaí gnéis eile idir Lúnasa 1991-Lúnasa 1993.

Fear ó Ghaillimh atá i gceist.

9 mbliana d'aois a bhí an iníon nuair a thosaigh na hionsaithe.

An chéad ionsaí a tharla a dúradh, bhí gránghunna á iompar ag an bhfear.

Bhagair sé go lámhódh sé a máthair dá n-inseodh sí d'aon duine faoin ionsaí.

Níor labhair an cailín amach faoina hionsaithe go dtí 2006, nuair a chuir sí a deirféar ar an eolas.

Bhí na cúiseanna seo ar fad séanta ag an bhfear, ach fuarthas ciontach é i ndiaidh na trialach níos túisce sa bhliain.

11 bliain go leith de théarma a gearradh ar an bhfear, chuir an breitheamh 15 mí den téarma sin ar fionraí.