Tá an t-amhránaí clúiteach,Bob Geldof,tar éis a scrolla 'Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath' a thabhairt ar ais.

Dúirt sé nach raibh uaidh a bheith luaite leis an onóir chéanna atá bronnta ar cheannaire Mhaenmar, Aung San Suu Kyi.

Tá an tUasal Geldof cáinteach faoin mbealach a bhfuil Aung San Suu Kyi tostach dar leis i bhfianaise an bhealaigh a bhfuiltear ag caitheamh leis an bpobal mionlaigh Moslamach - an Rohingya. 

Aung San Suu Kyi

Ar chlár raidió de chuid RTÉ ar maidin, dúirt sé go raibh ceannaire Mhaenmar ag cothú an chinedhíothaithe geall leis mar nár labhair sí amach go fóill in aghaidh dhrochúsáid an réamais mhíleata sa tír.