Áirítear suas le 328 duine ar a laghad a bheith marbh i gcrith talún a tharla ar an teorainn idir an Iaráic agus an Iaráin.

Tuigtear go bhfuil suas le 2,500 duine gortaithe sa chrith seo, 7.3 ar an scála Richter.

Buaileadh stráicí talún chaon taobh den teorainn idir an 2 thaobh.

Bhí croílár an chreatha an-ghar do chathair Hilabja, agus tugadh faoi deara freisin é sa Tuirc agus in Iosrael.

Tá breis is 70,000 duine ar thóir dídean éigeandála a deirtear agus tá an sciorradh talún á dhéanamh an-deacair do sheirbhísí leighis.