Sna trí bliana déag ó tosaíodh ar choinníoll teanga a leagan ar fhorbairtí áitreabh sa Ghaeltacht, níor cuireadh scrúdú teanga ar cheannaitheoirí ach i nGaillimh agus i bPort Láirge, dhá cheann de na seacht gcontaethe Gaeltachta.

Trí bliana déag ó shin a cuireadh ar chomhairlí áitiúla a bhfuil ceantair Gaeltachta iontu, coinníoll teanga a chur ar fhorbairt áitreamh mar chosaint don teanga.

Ar bhloc árasán sa Spidéal a leagadh an chéad cheann dá leithéid, nuair a cuireadh ar an bhforbróir 18 de na 29 árasán a dhíol le cainteoirí Gaeilge amháin. Bhí an líon seo bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge ar an mbaile de réir an dhaonáirimh.

Maíodh gur iarracht a bhí ann a chinntiú nach laghdófaí céadadán na gcainteoirí Gaeilge sa gceantar de bharr eastáit nua thitíochta sa cheantar.

Bhí sé ina dhualgas ó shin ar Chomhairlí Contae sa seacht nGaeltacht sa stát, coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar méid áirithe tithe sna heastáit thitíochta nua a tógadh.

Ach tá sé fáighte amach ag Nuacht TG4 gur  i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Phort Láirge amháin atá an coinníoll á chur i bhfeidhm. 

Is i nGaeltacht na Gaillimhe is mó a déanadh scrúduithe i leith an choinníll. Léiríonn eolas atá curtha ar fáil dúinn gur cuireadh agallamh ar 87 duine ó 2006. Theip ar 11 nduine an caighdeán cuí a bhaint amach. 
 
I bPort Láirge cuireadh coinníoll teanga ar 55 teach ar bronnadh cead pleanála orthu ó 2006. Ó Shin cuireadh 24 duine faoi agallamh, d'éirigh le 18 díobh sin sin agus theip ar 6.

Ach tíd is tríd, níl an coinníoll teanga atá leagtha ar eastáit thithíochta i nGaeltachtaí na tíre á chur i bhfeidhm ag formhór na gComhairlí Contae le deich mbliana anuas.

Níor reachtáil Comhairle Chontae Chiarraí oiread is scrúdú amháin do dhaoine ar theastaigh uathu árasán nó teach a bhfuil coinníoll teanga orthu a cheannacht sa gcontae seo. Seo'd  ainneoin go bhfuil roinnt eastáit le coinníoll teanga tógtha sa Daingean le roinnt blianta anuas. 

Maidir le Dún na nGall, níor reachtáileadh aon scrúdú ann le deich mbliana anuas. 

Deir Comhairle Chontae Mhaigh Eo nach leagtar aon choinníoll teanga ar eastáit sa gContae sin.

Deir Comhairle Chontae Chorcaí nár leagadh ach coinníoll teanga amháin sa gContae ó 2006. Eastát i nGaeltacht Mhúscraí a bhí i gceist agus bhí an ceathrú cuid de na tithe le bheith curtha ar leataobh do chainteoirí Gaeilge. Deir an Chomhairle nár tógadh go leor de na tithe seo agus nár cuireadh scrúdú Gaeilge ar dhuine ar bith ina leith.

Agus, deir Comhairle Contae na Mí nach bhfuil aon taifead acu a bhaineann leis an ábhar.

Léiríonn an t-eolas atá fáighte ag Nuacht TG4 Nach bhfuil taifead ag an gcuid is mó de na Comhairlí Contae ar líon na dtithe sna heastáit thitíochta a bhfuil coinníoll teanga ceanglailte díobh mar chuid den chead pleanála ó 2006.