Tá an tÚdarás um Shábháilteacht Bóithre (RSA) ag iarraidh ar thiománaithe bheith airdeallach agus cúramach agus iad ar na bóíthre anocht, Dé hAoine agus an chuid is mó den Satharn.

Tá foláireamh eisithe ag Met Éireann go bhfuil báisteach throm ar an mbealach.

Deir Met Éireann go bhfuil foláireamh aimsire buí i bhfeidhm i nGaillimh, Maigh Eo, sa Chlár agus i gCiarraí óna 6pm inniu go dtí 6pm amárach. Tá súil le 40-50mm báistí sa tréimhse seo.

Tá foláireamh eile eisithe anois don am céanna in Uíbh Fhailí, Luimneach agus Tiobaraid Árann, agus tá suil le 30-40mm báistí sna contaethe sin.

Tá an RSA ag iarraidh ar dhaoine an fhaisnéis aimsire is deireanaí go háitiiul agus go náisiúntais a fhaire, chomh maith le coinníollacha na mbóithre go háitiúíl, sula dtugann siad faoi thuras.