Chas cúigear ó Choiste Stiúrtha Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga le oifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta in oifigí na Roinne sna Forbacha tráthnóna inné leis an tairiscint ón Údarás i dtaobh fheidhmiú an phlean a phlé. 

Chuir ionadaithe an Fhóraim an cás os comhair na n-oifigeach ón dá eagraíocht stáit nach bhféadfaí tús a chur le feidhmiú an phlean teanga do cheantar Chois Fharraige, plean atá ceadaithe ag Aire na Gaeltachta, mar nach leor na hacmhainní atá le cur ar fáil.

Ag deireadh an chruinnithe, a mhair dhá uair a' chloig, d'iarr oifigigh Roinn na Gaeltachta níos mó ama a thabhairt dóibh le macnamh a dhéanamh ar an méid a bhí cloiste acu ó bhaill an Fhóraim agus tugadh le fios go mbeadh an Roinn ag teacht ar ais chuig ionadaithe an Fhóraim ina dhiaidh sin.