Tá seisear tógtha ag na gardaí faoi eachtraí buirgléireachta i lár tíre agus an droch-ionsaí a rinneadh ar fheirmeoir i gCo.Uíbh Fhailí an deireadh seachtaine seo caite.

Is i Leamhcán, Co.Bhaile Átha Cliath agus Co.Chill Dara a gabhadh iad.

Ceathrar a gabhadh i Leamhcán maidir leis an mbuirgléireacht a tharla ar theach sa Mhuileann gCearr,Co.na hIarmhí.