Tá sé ráite ag an Taoiseach go bhfuil seisean muiníneach nach dtarlóidh Breat-imeacht crua. Dúirt sé gur cé gur féidearthacht go fóill é go bhféadfadh sé tarlú, gur teip ollmhór pholaitiúil a bheadh ann mura bhféadfaí teach tar shocrú níb fhearr.

Bhí sé ag labhairt sula ndeachaigh sé itseach inniu i gcruinniú comhaireachta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Dúirt sé go bhféadfaí na deacrachtaí atá fós le sárú a réiteach faoin Nollaig. Dúirt sé go mbeadh an rialtas réidh le déileáil leis na socruithe ba mheasa, dá dtarlóidís. Ach, a dúirt sé, is ar na socruithe is fearr a bhaint amach a bhfuil aird an rialtais dírithe.

Tagann a ráiteas sna sála ar ráiteas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, níos túisce an tseachtain seo go gcaithfeadh an Bhreatain pé airgid atá dlite don Aontas Eorpaigh a íoc ar ais leo sula bhféadfaí a bheith ag caint faoi todhchaí an chaidrimh leis an Aontas.