Tá príosún saoil gearrtha ar fhear, 55, as Contae na hIarmhí as a iarpháirtnéir a dhúnmharú dhá bhliain ó shin.

Dúnmharaíodh Brigid Maguire, 43 bliain d’aois, i mí na Samhna 2015.

Ag éisteacht inniu inar gearradh píonós ar Danny Keeny –  a bhfuil seoladh aige i mBaile na Carraige i gContae na hIarmhí – dúirt iníon leis fhéin agus le Brigid Maguire, nach dtabharfadh sí fhéin ná a deartháir maithiúnas riamh dá n-athair as a máthair a dhúnmharú.

Chuir Jade Maguire, 25 bliain d’aois, ráiteas tionchair íospartaigh os comhair na cúirte inniu ar a son fhéin, agus ar son a dearthár, 14, agus a dteaghlach.

Dúirt sí go raibh folús mór fágtha ina saol de bharr bhás a máthar. Dúirt sí gur duine cineálta a bhí inti, a bhí i gcónaí ag smaoineamh ar dhaoine eile, seachas uirthi fhéin.

B’í Jade Maguire a tháinig ar chorp a máthar. Dúirt sí nach ndéanfadh sí dearmad coíche ar a máthair a aimsiú, ina luí ar an úrlár.

Ghabhadh an Breitheamh Patrick McCarthy buíochas le Jade Maguire agus gearradh príosún saoil ar Danny Keeny.