Tá fainic curtha ar mhuintir na hÉireann ag Oifig na hAimsire maidir le Spéirling Ophelia. Tá baol ann go mbuailfidh fuílleach na spéirlinge iardheisceart na tíre seo dé hAoine théis di dul soir, trasna an Atlantaigh.

Deir Oifig na hAimsire gurb iad Contae Chorcaí agus Contae Chiarraí is mó atá i mbaol a mbuailte. Ach, a dúirt siad, má leanann sí an patrún atá aici faoi láthair, go bhfuil an chuma ar an scéal go n-imeoidh Spéirling Ophelia ón tír go sciobtha dé Luain.

Tá an spéirling ag dul soir faoi láthair, trasna lár an Atlantaigh. Stoirm de Chatagóir 2 atá inti, agus a cuid gaothanna ag séideadh ar luasanna de 165 ciliméadar san uair.

Tá Rabhadh Aimsire Buí eisithe ag Oifig na hAimsire in Éirinn. Deir siad go bhfuil gaothanna láidre, báisteach throm agus farraigí arda i gceist leis an gcóras aimsire.