Beidh an Chomhaireacht ag bualadh lena chéile inniu ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Tuigtear gurb í an tSeirbhís Sláinte is mó a ndíreofar uirthi. Beidh an tAire Sláinte, Simon Harris, ag cur in iúl don rialtas na pleananna atá aige ó thaobh athchóirithe de.

Beidh todhchaí Sláintecare faoi chaibidil. Plean deich mbliana atá i gceist leis sin, faoi nach mbeidh ach aon shraith amháin i gceist sa tseirbhís sláinte. Tá tacaíocht na bpáirtithe go léir faighte ag an bplean seo. Ach rinneadh cáineadh géar ar an rialtas de bharr, a dúirt an freasúra, nár cuireadh go leor maoinithe ar fáil gon phlean faoi Bhuiséad 2018.

Seo é an chéad uair le dhá bhliain déag anuas atá an Taoiseach agus an chomhaireacht ag bualadh lena chéile le haghaidh cruinnithe i gCorcaigh.